Search form

2 Macabaech 15

Diamhasla Niocánór

1Chuala Niocánór go raibh Iúdás agus a chuid fear i gcomharsanacht na Samáire agus bheartaigh sé fogha a thabhairt fúthu lá na sabóide nuair nárbh aon bhaol dó féin. 2Na Giúdaigh ar cuireadh d'iallach orthu é a leanúint, dúirt siad: “Ná scrios iad chomh danartha ná chomh barbartha sin, ach bíodh meas agat ar an lá ar thug an té a fheiceann gach ní ómós dó agus a naomhaigh sé thar gach lá.” 3Ansin d'fhiafraigh coirpeach na dtrí mallachtaí an raibh rí ar neamh a d'ordaigh lá na sabóide a choimeád. 4Nuair a d'fhógair siad: “Is é an Tiarna beo féin, an Flaith ar neamh, a d'ordaigh dúinn an seachtú lá a choimeád,” 5d'fhreagair sé: “Agus is mise, mar fhlaith ar talamh, a ordaíonn daoibh airm a ghlacadh agus gnó an rí a chur i gcrích.” Ach mar sin féin níor éirigh leis a bheartas gráiniúil a chur i bhfeidhm.

Tugann Iúdás Misneach dá Shluaite

6Le barr uabhair agus sotail, bhí sé beartaithe ag Niocánór carn poiblí bua a thógáil leis an gcreach a ghabhfaí ó Iúdás agus óna chuid fear. 7Ach níor bhog an Macabaech ach é lán de mhuinín agus de dhóchas go dtiocfadh cabhair chuige ón Tiarna. 8Thug sé misneach dá chuid fear gan eagla a bheith orthu roimh ionsaithe na ngintlithe, ach cuimhneamh ar an gcabhair a tháinig chucu ó neamh san am a bhí thart, agus a bheith ag súil an uair sin leis an mbua a thabharfadh an tUilechumhachtach dóibh. 9Thug sé ardú meanman dóibh le cabhair an dlí agus na bhfáithe, chuir sé i gcuimhne dóibh na cathanna a bhuaigh siad, agus d'adhain díograis bhreise ina gcroí. 10Nuair a bhí a misneach múscailte aige, thug sé a chuid orduithe, agus feall na ngintlithe agus a mídhílseacht dá mionna á gcur ar a súile dóibh. 11Ní hí an tsábháilteacht a ghabhann le sciatha agus sleánna a thug sé mar arm do gach duine díobh, ach an misneach a ghineann briathra uaisle. Agus mhúscail sé meanma gach duine le brionglóid - nó faoi mar a bheadh fís - ar a raibh craiceann na fírinne, a aithris. 12Ba é radharc a chonaic sé: Oinias, ardsagart a bhí, fear uasal cóir, fear mánla iompar agus cneasta meon; fear soilbhir dea-labhartha a raibh oiliúint air óna óige i ngach suáilce - bhí Oinias ansiúd ag guí ar son an chine Ghiúdaigh go léir agus a lámha ar leathadh aige. 13Ansin thaibhsigh fear eile, ábhar suntais lena cheann liath agus a iompar uasal; bhí dínit agus údarás iontach ag roinnt leis. 14Chrom Oinias ar labhairt: “Seo fear,” ar sé, “a bhfuil cion aige ar a bhráithre, agus a ghuíonn go fada ar son an phobail, agus na cathrach naofa, Irimia, fáidh Dé.” 15Shín Irimia a lámh dheas agus thug claíomh óir do Iúdás, agus nuair a bhí sé á thabhairt dó labhair sé mar leanas leis: 16“Tóg an claíomh naofa seo, bronntanas ó Dhia; déanfaidh tú do naimhde a threascairt leis.”

Na Céilí Comhraic

17Ba uasal iad briathra Iúdáis agus ba mhaith an sás iad chun crógacht agus gaisce a mhúscailt i gcroí na n‑óg; le teann misnigh dá mbarr, bheartaigh siad gan feachtas a fhearadh ach ionsaí fearúil a dhéanamh, agus an scéal a réiteach le comhrac agus gleic go sárchróga mar go raibh cathair, sanctóir agus Teampall i mbaol. 18Ba é an Teampall coisricthe an chéad ábhar imní, agus an t‑ábhar ba mhó imní, a bhí acu; ba lú mairg leo a mná agus a leanaí, a mbráithre agus a ngaolta. 19An mhuintir a fágadh sa chathair, níor lú í an imní a bhí orthu mar go raibh siad buartha faoin gcath a bhí le cur faoin mínleach.

20Bhí gach duine ar bís ag feitheamh le toradh an chatha. Bhí an namhaid cheana féin i gcóngar agus iad in eagar catha, na heilifintí cóirithe go háisiúil, agus an marcshlua in eagar ar na sciatháin. 21Nuair a chonaic an Macabaech a raibh de shluaite ar a aghaidh amach, an soláthar mór taibhseach arm, agus fíochmhaire na [n‑eilifintí], shín sé a lámha chun neimhe agus ghlaoigh ar Thiarna na bhFeart; bhí a fhios aige nach le neart arm, ach mar is toil leis, a bhronnann sé bua catha ar an muintir a thuilleann é. 22Mar seo a ghabh an urnaí a rinne sé chuige: “A Thiarna, sheol tú d'aingeal le linn Hiziciá, rí Iúdá, agus mharaigh seisean céad ochtó a cúig míle nó breis i gcampa Shanaichéiríb. 23A rí na bhflaitheas, seol anois, arís eile, aingeal maith le scéin agus scanradh a scaipeadh romhainn. 24Go dtreascraítear ar lár le neart do ghéige an mhuintir seo a tháinig chun do phobal naofa a ionsaí agus diamhasla ina mbéal acu.” Dhún a urnaí leis na focail sin.

Bua Catha - Bás Niocánór

25Ghluais Niocánór agus a chuid fear ar aghaidh agus stoic á séideadh agus laoithe á gcanadh; 26agus chuaigh Iúdás agus a chuid fear i ngleic leo ag urnaí agus ag guí chun Dé. 27Ag troid lena lámha dóibh agus ag guí chun Dé lena gcroí, threascair siad breis agus tríocha a cúig mhíle duine, agus chuir Dia lúcháir mhór orthu leis an taispeántas sin. 28Nuair a bhí an cath thart agus iad ag filleadh faoi áthas, d'aithin siad Niocánór ar lár marbh ina lánéide chatha. 29Ansin bhí geoin agus glisiam agus mhol siad an Tiarna ina dteanga dhúchais. 30An té a chaith é féin go hiomlán, idir anam agus chorp, ag cosaint a mhuintire féin, agus a choinnigh slán an cion a bhí aige óna óige ar a chine féin, d'ordaigh sé dóibh ceann Niocánór a theascadh de, mar aon lena láimh agus lena ghualainn, agus iad a bhreith go Iarúsailéim. 31Nuair a shroich sé an áit sin, ghlaoigh sé le chéile ar a mhuintir, chuir na sagairt ina seasamh os comhair na haltóra, agus chuir fios ar lucht an Dúnfoirt. 32Thaispeáin sé ceann Niocánór na táire dóibh, agus lámh an diasmhaslaitheora úd a síneadh go huallach in aghaidh theach naofa an Uilechumhachtaigh. 33Ansin ghearr sé amach teanga Niocánór na héagráifeachta agus dúirt go gcaithfeadh sé í smut ar smut chun na n‑éan, agus go gcrochfaí luach saothair a dhíth céille os comhair an Teampaill. 34Ansin, ag féachaint chun na bhflaitheas dóibh, bheannaigh siad uile an Tiarna, a thaispeáin é féin, á rá: “Moladh leis an té sin a choinnigh a áit féin gan truailliú.” 35Chroch sé ceann Niocánór ón Dúnfort, mar a raibh sé ina chomhartha soiléir suntasach ag cách ar chabhair an Tiarna. 36Rith siad go léir reacht d'aonghuth le vóta poiblí nach ligfí an lá sin thart gan ceiliúradh go deo, ach an tríú lá déag den dara mí déag - ar a dtugtar Adár sa tSíris - a chomóradh an lá roimh lá Mhordacaí.

Dúnadh

37Mar sin a bhí cúrsaí ag Niocánór, agus ón tráth úd tá an chathair i lámha na nEabhrach. Scoirfidh mise de mo scéal anseo. 38Má tá sé inste go slachtmhar tomhaiste, níl ansin ach mar a chuir mé romham; mura bhfuil sé ach leathchuíosach gan slacht, sin a raibh ar mo chumas. 39Faoi mar atá sé díobhálach fíon a ól leis féin, nó arís uisce a ól leis féin, ach gur milis dea-bhlasta é an fíon measctha le huisce, agus go méadaíonn sé sásamh an duine ann, ar an gcuma chéanna is í stíl na hinste a thugann taitneamh do chluasa lucht léite saothair. Ní beag sin.

An Bíobla Naofa

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

More Info | Version Index