Search form

Eóin 10

Caibidil X

Tar éis Chríosd eidírdhealughadh do dhéanamh eidir an deagh áodhaire agus an túarusdaluigh, 31 tugadar na Hiuduighe fúadh nimhneach dho.

1Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé nach dtéid a sdeach thríd an dorus go cró na gcáorach, achd théid suás a dtáoibh eile, is gaduidhe é agus biothamhnach. 2Achd gidh bé théid a sdeach air a dorus, as é áodhaire na gcáorach é. 3Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoirigh a ghuth: agus goiridh sé a cháoirigh réir a nanmann, agus tréoruighidh sé amach iád. 4Agus an tan léigheas sé a cháoirigh féin amach, siobhluidh sé rómpa, agus leanuid na cáoirigh é: óir aithnighid siád a ghúth. 5Agus ní leanfaid siád aódhaire coimthigheach, achd teithfid uádh: do bhrígh nach aithnid dóibh gúth na gcoimhthigheach. 6Do labhair Iósa an chosamhláchd so riú: Gidheadh níor thuigeadarsan na bríathra á dubháirt sé riú.

7A dubhairt Iósa riú arís, Go deimhín, deimhin, a deirim ribh, Gur misi dorus na gcáorach. 8A dtáinig romham uile as gaduidhthe iád agus biothamhnuigh: achd níor éisdeadar na cáoirigh riú. 9Is misi an dorus, gidh bé neach rachas a steach thríomsa, slaíneochthar é, agus rachuidh sé a steach agus amach, agus do ghéubha sé inbhear. 10Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca. 11As misi an táodhaire maith: cuiridh an táodhaire maith a anam féin ar son na gcáorach. 12Achd an túarsdaluigh, agus an té nach bhfuil na áodhaire, agus nach leis féin na cáoirigh, do chí sé an mactíre ag teachd, agus fáguidh sé na cáoirigh, agus teithidh sé: agus fuáduighe an mactíre na cáoirigh, agus scabuighe sé iád. 13Achd teithidh an túarasdaluigh, ar son gur túarasdaluigh é, agus nach bhfuil suim aige ann sna cáorchuibh. 14Is misi an táodhaire maith, agus aithnighim mo cháoirigh féin, agus aithnighid mo cháoirigh féin mé. 15Mar aithnigheas an Tathair misi, agus aithnighimsi an Tathair: agus do bheirim manam ar son na gcáorach. 16Agus atáid cáoirigh eile agam, nach don chróso: agus caithfidh mé iád sin leis do thabhairt leam, agus ésdfid siád mo ghúth; agus biáidh áonchró amháin, agus áonáodhaire amháin ann. 17Ar a nadhbharso ghrádhuigheas Mathair misi, ar son go gcuirim manam úaim, do chum go nglacfuinn é arís. 18Ní bheireann eúnduine úaim é, achd cuirim féin uáim féin é. Atá cúmhachda agam a chur uáim, agus atá cúmhachda agam a ghábháil chugam a rís. Fuáir mé an áithnesi ó Mathair.

19Ar a nadhbharsin déirigh connspóid a rís eidir na Iúduidhíbh trés na bríathraibhse. 20Agus a dubhradar mórán díobh, Atá diabhal ann, agus atá sé ar buile; créd fé néisdti ris?

21A dubhradar cuid eile, Ní bríathra dhuine ion bhfuil díabhal iád so. An bhféudann an díabhal súile na ndáoine dall dosgladh?

22Agus do bhí sollamain na coisreagadh a Níarusalem, agus do bhí an geimhreadh ann. 23Agus do bhí Iósa ag siobhal ann sa teampall a bpóirsi Sholuimh. 24Uime sin do chruinnigheadar na Iúduidhe na thimcheall, agus a dubhradar ris, Gá fad chuinneóchas tú sinn a namharus? Más tú Críosd, innis dúinn é ós áird. 25Do fhreaguir Iósa iád, Dinniseas dáoibh, agus ní chreidthí mé: na hoibreacha ním a Mathair, do níd siad fínne dhamh. 26Gidheadh ní chreidtísi, oír ní dom cháorchaibh sibh, mar a dubhairt mé ribh. 27Do chluinid mo cháoirighsi mo ghúth, agus aithnighim iád, agus leanuid síad me: 28Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad. 29Mathair, noch thug dhamhsa íád, as mó é ná na huile; agus ní fhéudann éinneach a bhfuadach as láimh Mathar. 30Misi agus an Tathair as áon sinn.

31Uime sin do thógbhadar na Iúduidhe cloche a rís, chum a gcaithte ris. 32Do fhreagair Iósa iád, Do thaisbéun mé mórán doibreachnibh maithe dháoibh ó Mathair; cía aca obair air son a ngabhtháoi do chlochuibh oram? 33Do fhreagair na Iúdaidhe é, ag rádh, Ní ar son oibre maithe ghabhmóid do chlochuibh ort; achd ar son blaispheíme; agus air son thusa, agus tú ad dhuine, go ndéunann tú Día dhiót féin. 34Do fhreaguir Iósa iád; An né nach bhfuil sgríobhtha an bhur ndligheadhsa, A dubhairt misi, As déé sibh? 35Má a dubhairt sé gur déé na dáoine úd, chum a dtaínig briathar Dé, agus nach éidir an sgriobtúir a sgáoileadh; 36A nabartháoisi, ris an té do bheannuigh an Tathair, agus do chuir sé úadh air a tsáoghal, Do ní tú blaisphéime; do bhrigh go ndubhairt mé, Gur mé Mac Dé? 37Muna ndéunaim oibreach Mathar ná creididhsi dhamh. 38Achd má ním, gé nach ccreidtí dhamhsa, creididh do na hoibreachuibh: ionnus go naithéonadh sibh, agus go gcreidfeadh sibh, go bhfuil an Tathair ionnamsa, agus misi annsan.

39Uime sin diárradar a rís a ghlacadh: agus dimthigh sé as a lámhuibh. 40Agus do chúaidh sé a rís tar Iordan don ionad an ar bhaisd Eóin ar tús; agus do chomhnuidh sé ann sin. 41Agus tángadar mórán chuige, agus a dubhradar, Ní dhearna Eóin míorbhuile ar bith: achd gach uile ní dhá ndubhairt Eóin dá tháobh so, dob fhíor iád. 42Agus do chreideadar móran an sa nait sin ann.

Bedell An Biobla Naomhtha 1817

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

More Info | Version Index