Search form

Eóin 3

Caibidil III

Feidhm na haith-ghineamhna, 14 agus bháis Chriosd, 16 le brídh an tsoisgeil gu hathchumair.

1Achd do bhí duine áirighe do na Phairisíneachuibh, dar bhainm Nicodémus, dúachdaránuibh na Niúdaigheadh: 2Taínig sé so chum Iósa ann sa noidhche, agus a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía tháinig tusa ad fhear teagaisg: oír ní heidir lé héinneach na comharthuidhe so do ní tusa do dhéunamh, muna mbeith Día maílle rís. 3Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna gheintear duine a rís, nach éidir leis rioghachd Dé dfaicsin.

4A dubhairt Nicodémus ris, Cionnas as eídir lé duine atá arsaidh a gheineamhuin? An éidi leis dul a sdeach a mbroinn a mhathar an dara húair, agus a aithbhreith? 5Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé. 6An ní atá ar na gheineamhuin on bhfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na gheineamhuin on Spiorid is spiorad é. 7Ná biódh ionghadh agad go ndubhairt misi riot, Gur ab éigean dáoibh bhur ngeineamhuin a rís. 8Séidigh an gháoth mar as áill lé, agus do chluin tú a torann, achd ní bhfuil a fhios agad créud as a dtig sé, nó caít dtéid sé: is mar sin atá gach neach atá ar na gheineamhuin ón Spioruid.

9Do fhreaguir Nicodémus, agus a dubhairt sé ris, Cionnas as eidir na neithese do bheith? 10Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad mháighisdir a Nisraél, agus gan a bhfios so agad? 11Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Go labhramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíadhnuisi ar an ní do chuancamar; achd ní ghabhtháoisi ar bhfíadhnuisi. 12Má dubhairt mé neither talmhuidhe ribh, agus nach ccreidthí, cionnas chreidfidhe, dá nabra mé neither neamhdha ribh? 13Oír ní dheachuidh éainneach suás ar neamh, achd an té do thuirrling ó neamh, Mac an duine atá ar neamh. 14Agus mar do árduigh Máoisi a nathair neimhe ar an bhfásach, as mar sin as éigean Mac an duine dárdughadh: 15Ionnus gidh bé chreidfeadh ann nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bhetha shiórruidhe aige. 16Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige. 17Oír níor chuir Día a Mhac féin air a tsáoghal do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal; achd do chum go sláinéochaidh an sáoghal third. 18An té chreideas ann ni damantar é: achd an té nach ccreideann ata sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréideann atá sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréid sé a nainm áoingheine Mhic Dé. 19Agus as é so an damhnughadh, do bhrigh go dtáinig an solus air a tsáoghal, agus gur mó ghrádhuigheadar na dáoine an dorchadas ná an solus, ar son go bhfuilid a noibreacha go holc. 20Oír gidh bé do ní olc, fúathaighidh sé an solus, agus ní thig sé chum an tsolais, deagla go ndiomolfuidhe a oibreacha. 21Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.

22Táinig Iósa agus a dheisciobail na dhiaigh sin go tír Iúdaighe; agus do chomhnuigh sé ann sin maille riú, agus do bhaisd sé. 23Agus fós do bhaisd Eóin mar an gcéadna ag Aénon láimh ré Sálim, óir do bhi iomad uisge ann sin: agus tangadar, agus do baisdeadh iád. 24Oír níor teilgeadh Eóin a bpríosun fós.

25Uime sin do éirigh ceisd eidir cuid do dheisciobluibh Eóin agus na Iúdaidhe a dtimcheall an ghlanta. 26Agus tangadar chum Eoin, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch, baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.

27Do fhreagair Eóin agus a dubhairt sé, Ní héidir lé duine éinní ghlacadh, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó neamh. 28A tatháoisi féin bhur bhfíadhnuisi agamsa, go ndubhairt mé, Ní misi Criosd, achd gur cuireadh roimhe. 29An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh. 30As éigean dosan breisadh, agus damhsa laghdughadh. 31An té thig a nuás atá sé ós cionn cháich uile: an té atá ón talamh atá sé talmhuidhe, agus labhraidh sé neither talmhuighe: an té thig ó neamh, atá sé ós cionn cháich uile 32Agus an ní do chunnairc agus do chúalaidh sé, do ní sé so dfiadhnuise; achd ní ghlacan áonduine a fhíadnuisi. 33An té ghlacus a fhíadhnuisisean do chomharthuigh sé go bhfuil Día fírinneach. 34Oír an té do chuir Día uádh labhraidh sé bríathra Dé: oír ní do réir mhiosuir bheir Día an Spiorad . 35Atá grádh ag an Athair do Mhac, agus tug sé na huile neithe iona láimh. 36An té chreideas ann sa Mhac atá an bheatha mharthanach aige: achd an té bhiós easumhal don Mhac, ní fhaicfe sé an bheatha; achd comhnuighidh fearg Dé air.

Bedell An Biobla Naomhtha 1817

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

More Info | Version Index