Search form

Eóin 7

Caibidil VII

Comhairle bharr-ghlórach luchd cinidh Chriosd. 14 baramhail an tsloigh um a theagasc.

1Agus tar a éisi so do shiubhail Iósa ann sa Ghalilé: oír míor bhail leis siubhal a ttír Iúdaighe, tré gur smuaineadar na Iúdaidhe a mharbhadh. 2Agus dó bhí féusda ná Niúdaidheadh eadhon tabernacuil, a bhfogus. 3Ar a nadhbharsin a dubhradar a bhráithreachasan ris, Fág so agus imthigh go tír Iúdaighe, do chum go bhfaicfidis do dheisciobail fós na hoibreacha do ní tú. 4Oír ní dhéunann neach ar bith éin ní a bhfolach, agus iárrus é féin do bheith oirdheirc. Má ní tú iád so, foillsigh thú féin don tsáoghal. 5Oír níor chreideadar a bhráithreacha féin fós ann. 6Uime sin a dubhairt Iósa riú, Ní thaínig maimsirse fós: achd atá bhur naimsirse do ghnáth ullamh. 7Ní héidir leis a tsáoghal sibhsi dfúathughadh; achd atá fúath aige dhamhsa, do bhrígh go ndéunuim fíadhnuisi air, gur ab olc a oibreacha. 8Imthighidhsi súas chum na sollamnaso: ní racha misi súas fós chum na sollamnaso: oír niór coimhliónadh maimsir fós. 9An tan a dubhairt sé na neitheso riú, dfan sé ann sa Ghalilé.

10Achd tar éis a bhráithreach imtheachd suás, do chúaidh seisean mar an gcéadna suás chum na sollamna, ní ós áird, achd mar dhe ós iseal. 11Ar a nadhbharsin diárradar na Iúdaidhe é sa tsollamain, agus a dubhradar, Gá hait a bhfuil an fear úd? 12Agus do bhí monabhar mór a measg an phobuil na thimcheallsan: oír a dubhairt cuid díobh, As duine maith é: achd a dubhairt cuid eile, Ní headh; achd mealluidh sé an pobal. 13Gidheadh ní tháinig áonduine thairis ós aírd ar eagla na Niúdaidheadh.

14Achd tár éis leatha na sollamna do chríochnughadh do chúaidh Iósa súas don teampoll, agus do theaguisg sé. 15Agus do bhí iongnadh air na Iúdaidhibh, ag rádh, Cionnas as aithnidh don fhearsa léighionn, agus nar fhoghluim sé? 16Do fhreagair Iósa iád, agus a dubhairt sé, Ní leam féin mó theagasg, achd leis an té do chuir úadh mé. 17Gidh bé neach lé nab áill thoilsean do dhéunamh, aithéonaidh sé a dtimcheall an teaguisg, más ó Dhía atá sé, nó an uáim féin labhruimsi. 18Gidh bé labhrus uádh féin, a sí a ghlóir an té chuireas uádh é, atá sé fírinneach, agus ní bhfuil éagcóir ann. 19An ne nách dtug Máoisi dligheadh dhíbhsi, agus ní choimhlíonann áoinneach aguibh an dligheadh? Créd fá a niárrtháoi misi mharbhadh? 20Do fhreaguir an pobal agus a dubhradar, Atá an díabhal ionnad: cía atá ag iárruidh do mharbhtha? 21Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé riú, Do rinne mé éun obair a mhaín, agus atá iongnadh oruibhsi uile. 22Ar a nadhbharso tug Máoisi an timcheallghearradh dhíbhsi; (ní ar son gur ab ó Mháoisi atá sé, achd ó na haithribh;) agus do níthí duine do thimcheallghearradh ann sa tsábboid. 23Má ghlacunn duine timcheallghearradh annsa tsábboid, do chum nach brisfidhe dligheadh Mháoisi; an bhfuil fearg oruibh riumsa, ar son duine uile do shlánughadh ann sa tsábboid? 24Ná beirídh breath do réir na faicsiona, achd beiridh an bhreath cheart.

25Uime sin a dubhradar dream aíríghe ó Ierusalém, A né nach é so an te, iárruid siad chum a mharbhtha? 26Agus, féuch, lábhruidh sé ós aírd, agus ní abruid éin ní ris. An bhfuil a dheirbhfios ag na buáchdaránuibh gur ab é so Críosd? 27Achd atá a fhios aguinne gá has dó so: gidheadh an tan thiocfas Críosh, ní bhía a fhios ag áonduine gá has dó. 28Uime sin do éigh Iósa ann sa teampoll ag teagasg, agus ag rádh, Atá a fhios aguibh cia misi, agus atá a fhios aguibh gá has damh: agus ní úaim féin táinig mé, achd as firinneach an té do chuir uádh mé, ar nach bhfuil éolus aguibhsi. 29Achd atá éolus agamsa air: oir as úadh ataim, agus as é do chuir úadh mé. 30Ar a nadhbharsin do shanntuigheadar breith air: gidheadh níor chuir éunduine lámh ann, do bhrígh nach dtaínig a uáir fós. 31Agus do chreideadar mórán don phobal ann, agus a dubhradar, An tan thiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa mhó do mhíorbhuilibh ná do rinne an fear so?

32Do chúaladar na Phairisínigh an pobal ag monbhar na neitheadhso na thimscheallsan; agus do chuireadar na Phairisínigh gus uáchdarain na sagart máoir dhá ghlacadh. 33Uime sin a dubhairt Iósa riú, Bíaidh mé fós sealad beag bhur bhfochair, agus na dhiáigh sin imthéocha mé chum an té do chuir uádh mé. 34Iárrfuidhe mé, agus ní bhfuighthí: agus a náit a mbía mé, ní fhéadfuidhesi teachd ann. 35A dubhradar na Iúduidhe eatarra féin, Gá háit a racha an fear so, nach bhfuigheamne é? an racha sé chum na muinntire atá sgartha a measgna Ngreagach, agus an dteagasfuidh sé na greaguigh? 36Créud as cíall don chomhrádhso a dubhairt sé, Iárrfuidhe mé, agus ní bhfuighthi: agus an ait a mbía me, ní fhéadfuidhesi teachdann? 37Agus ann sa lá mhór dheigheanach, don tsollamuin, do sheas Iósa agus do éigh sé, ag rádh, Má tá tart ar áonduine, tigheadh sé chugamsa, agus ibheadh sé. 38Gidh bé chreideas ionnamsa, mar a dubhairt an sgrioptúir, lingfid srotha duisge bhéo as a bhroinn. 39(Do labhair sé so a dtimcheall na Spioraide, do ghlacfaidís na dáoine do chreidfeadh ann san: oír ní raibh an Spiorad Náomh ar na thabhairt fós; ar son nach raibh Iósa fós ar na ghlórughadh.)

40Uime sin, an tan do chúaladar mórán don phobal an comhrádhso, a dubhradar, Go fírinneach as é so an Fáidh. 41A dubhradar cuid eile, As é so Criósd. Achd a dubhairt dream eile, An ón Ghalilé thiocfas Criósd? 42An né nach dubhairt an sgriobtúir Go dtiocfadh Críosd do shíol Dháibhi, agus as Betelém an baile an a raibh Dáibhi? 43Déirigh connspóid a measg an phobail ar a shonsan. 44Agus do bhreathnuigheadar cuid díobh a ghlacadh; achd níor chuir éunduine lámha ann.

45Uime sin tangadar na máoir chum na nárdsagart agus na Bhphairisíneach; agus dfiafruigheadarsan díóbh, Créud fá nach tugabhair libh é? 46Do fhreagradar na hoifigidh, Níor labhair duine riamh mar an duinesi. 47Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Phairísínigh iádsan, An bhfuiltísi mar an gcéudná ar bhur mealladh? 48Nar chreid áoinneach do na húachdaranaibh ann nó do na Phairisíneachaibh? 49Achd atá an pubalso ag nach bhfuil éolas an dlighidh mallaighthe. 50A dubhairt Nicodémus riú, (an té tháinig chuige ann sa noidhche, agus do bhí na áon dióbhsan,) 51An ndáorann ar ndligheadhne duine ar bith, ní as táosga ná chluinfeas sé úadh agus aitheónaidh sé cred do rinne sé? 52Do fhreagradar agus a dubhradar ris, An ón Ghalilé thusa leis? Lorgair, agus féuch: oír níor éirigh fáidh ón Ghalilé riámh. 53Agus do imthigh gach áon dá thigh féin.

Bedell An Biobla Naomhtha 1817

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

More Info | Version Index