Search form

Marcus 15

Caibidil XV

Fulang, 39 bás, 42 agus adhlacadh onórach Iosa Chríosd Mhic Dé bhi.

1Agus go moch ar maidin ar ndéanamh comhairle dhóibh rugadar na hárdsagairt maile ris na sinnsearaibh agus ris na sgríobuidhibh agus ris an gcomhairle uile, Iósa ceangailte léo, agus tugadar do Phioláit é. 2Agus do fhiafruidh Pioláid dheisean, An tusa rí na Níuduigheadh? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin. 3Agus do chuireadar úachdaráin na sagart mórán na aghaidh: achd níor fhreagair seisean éinní. 4Agus do fhíafruidh Píoláid dhe a rís, ag rádh, An né nach dtugann tú freagra éigin úait? féuch gá mheid ann a ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh. 5Agus níor fhreagair Iósa ní ar bith ó sin a mach; ionnas gur ghabh iongantus Píoláid.

6Agus ann sa tsolamain do sgáoileadh sé dhóibh én phríosínach a mhaín, gidh bé air bith a díarradáois. 7Agus do bhí neach áirighe dar bhainm Barabbas, ceangailte a bhfochair a chompánach ceannairce, noch do rinne marbhadh a gceannairc. 8Agus ag éighmhe don phobal do thionnsgnadar íarruidh air do réir mar do bíodh sé dhóibh a gcomhnuidhe. 9Do fhreagair Pioláid dhóibh, ag rádh, A náill libh go sgáoilinn dáoibh Rí na Niúduigheadh? 10(Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth do thoirbhir úachdaráin na sagart é.) 11Agus do ghlúaisiodar uachdaráin na sagárt an pobal, do chum go madh táosga sgáoilfeadh sé Barabbás chuca. 12Achd ar bhfreagra do Phíoláid, a dubhairt sé riú a rís; Ar a nadhbharsin créd as áill libh do dhéunamh dhamh ris an tési dá ngoirthi Rí na Níuduigheadh? 13Agus do éighmheadarsan a rís, Croch é. 14Achd a dubhairt Píoláid ríu, Créd é an tolc do rinne sé? agus is moide do gháireadarsan sin, Croch é.

15Agus do bhrígh gur mhían lé Píolaid toil an phobail do dhéunamh, do sgáoil sé Barabbás dóibh, agus tar éis Iósa do sgiúrsughadh, tug sé úadh, chum a chrochda é. 16Agus rugadar na saighdíuiridh a sdeach don halla é, éadhon go cúirt an úachdaráin; agus do ghoireadar an chuidéachda uile a bhfochair a chéile. 17Agus do chuireadar éadach purpuir uime, agus ag fighe corona spíne dhóibh do chuireadar air í, 18Agus do thionnsgnadar beannughadh dhó, Día do bheatha, a Rí na Níuduigheadh! 19Agus do bhúaileadar é an a cheann lé giolcach, agus do ghabhadar do sheilidhibh air, agus ar léigean a nglún fútha, do rinneadar úmhla dhó. 20Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an téadach purpaír dhe, agus do chuireadar a éaduighe féin uime, agus tugadar a mach é do chum go grochaidís é.

21Agus dó chuireadar dfíachuibh ar oglach áirighthe do bhí ag gabháil thárrsa, dar bháinm Simón Siréanach, (athair Alecsander agus Ruphus,) tháinic ón túaith a muich, a chroich diomchar.

22Agus rugadar léo é do nionad dar ab ainm Golgota, is sé sin, re na éidirmhíniúghadh, Ionad na cloigne. 23Agus tugadar fíon air ar cuireadh mirr ré na ól dhó: achd níor ghabh seisean é. 24Agus an tan do chrochadar é, do roinneadar a éaduighe, air dteilgean crannchuir orrtha, créd do thóigfeadh gach neach dhíobh. 25Agus do bhí an treas úair ann, agus do chrochadar é. 26Agus do bhí tiodal a chóire air na sgríobhadh ós a chionn, RI NA NIUDUIGHEADH. 27Agus do chrochadar días gaduidheadh na fhochair; fear ar a láimh dheis, agus fear ar a láimh chlí. 28Ann sin do coimhlíonadh an sgríobtuir a deir, Agus a measg dháoine cóirtheach do comháireadh é.

29Agus an dream do ghabhadh thairis, do bhéirdis aithis dó, ag crathadh a gceann, agus ag rádh, O, thusa leagas an teampoll, agus thógbhas é a dtrí laéthibh, 30Fóir ort féin, agus tárr a núas as an gcroich. 31Agus is mar an gcéudna a dubhradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe ré chéile ag fonámhad fáoi, Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní héidir leis é féin dfóirighin. 32Tigeadh Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroich, do chum go bhfaicfimís agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do crochadh na fhochair tugadr aithis dó.

33Agus an tan tháinic an seiseadh húair, do bhí dorchadas ar feadh na talmhan uile go sóithe an náomhadh húair. 34Agus ann sa náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth árd, ag rádh, Eloi, Eloi, lámá sabachtáni? a se sin, ar na eidirmhíniughadh, Mo Dhía, mo Dhía, créd fár thréig tú mé? 35Agus a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a lathair, an tan do chúaladar sin, Féuch, a tá sé gairm Elías. 36Agus do rioth fear dhíobh agus ar líonadh sboinc dfinegre dhó, agus ar na chur a dtimcheall giolcuigh, tug sé deoch dhó, ag rádh, Leigidh dhó; féacham an dtiocfa Elias dá leagadh a núas. 37Agus ag éighmhe Díosa do ghúth mhór, do chúaidh a spiorad as. 38Agus do réubadh brat rointe an teampuill na dhá chuid ó úachdar go híochdár.

39Agus an tan do chonnairc an senturion, do bhí na sheasamh as a chochair, go ndeachuidh a anam as ag éighmhe mar sin, a dubhairt sé, Go fírinneach do bé an duine so Mac Dé. 40Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Ióses, agus Salómé; 41Noch do lean é, an tan do bhi sé fós sa Ghalile, agus do bhí ag miniosdrálachd dó; agus mórán do mhnáibh eile do chúaidh a néinfheachd ris súas go Híarusaléim.

42Agus a nois ar dteachd don tráth nóná, (do bhrigh gur bhé an ullmhuighthe é, eadhón, an lá roimh an tsabbóid,) 43Táinic, Ióseph ó Arimatéa, comhairleach onórach, agá raibh fós súil ré ríoghachd Dé, agus do chúaidh sé a sdeachd go dána dionnsuighe Phíoláid, agus do íarr sé corp Iósa. 44Agus do biongnadh lé Píoláid go mbiadh sé cheana tar éis bháis: agus do ghoir sé an sentúrion, agus do fhíafruigh sé dhe an fada ó fúair sé bás. 45Agus ar bhfagháil fhiosa ón sentúrion, do bhronn sé an corp do Ióseph. 46Agus do cheannaigh Ióseph línéadach fínealta, agus do leag sé a núas é, agus do chuir sé an línéadach uime, agus do chuir sé é a dtúama do bhí ar na thochailt a mach as charraig: agus do iomluit sé léac ar dhorus an túama. 47Agus do bhi Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Ióses ag féuchain gá háit a gcuirfidh é.

Bedell An Biobla Naomhtha 1817

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

More Info | Version Index