Search form

Mhata 13

Caibidil XIII

Seanmóir um an tsioladóir, 18 ar na foillsiughadh; 53 agus Iósa fa neimhchion, amháin ag muinntir a thír féin.

1Agus ar nimtheachd Díosa a mach as an detach an lásin, do shuigh sé láimh ris an bhfairge. 2Agus do chruinnigheadar slúaighte móra chuige, ionnas ar ndul a sdeach a luing, gor shuidh sé; agus do sheas an slúagh uile ar an dtráigh.

3Agus do labhair sé móran ríu a gcosamhlachduibh, ag rádh, Féuch, do chuáidh síoladóir a mach do chur síl; 4Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid dhe chois na sligheadh, agus tangadar na héanlaith, agus a dúadar é: 5Agus do thuit cuid eile dhe a bhfearan chlochach, mar nach raibh móran úire aige: agus do fhás sé go lúath, do bhrígh nach bhfúair sé doimhneachd na talmhan: 6Agus ar néirghe don ghréin, do dóidheadh é; agus ar son nach raibh fréumhaige, do shearg sé. 7Agus do thuit cuid eile dhe eidi mhuineach; agus do éirghe an muineach súas, agus do mhuch sé é: 8Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céudeiread, cuid trí fichid uiread, cuid a deich fichead uiread. 9Gidh bé agá bhfuillid clúasa chum éisdeachda, éisdeagh sé.

10Agus tangadar a dheisciobuil chuige, agus a dubhradar ris, Créd fa labhrann tú riu a gcosamhlachduibh? 11Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Do bhrígh gur ab daóibhsi tugadh fios rúindíomhra na ríoghachda neamhdha, do bheith agaibh, agus níor tugadh dhóibhsean é. 12Oír giodh bé neach agá bhfuil , is dó do bhéarthar, agus biáidh go léor aige: achd giodh bé neach a tá gan , toígéabhthar úadh fós an a tá aige. 13Air a nadhbharsin labhraim ríu a gcosamhlachdaibh: óir giodh a tá radharc aca ní fhaicid said; agus giodh a tá éisdeachd aca ní chluiníd said, agus ní thuigid said. 14Agus cóimhlíontar ionnta fáigheadóireachd Esaiás, a deír, Le héisdeachd do chluinfidhe, agus ní thuifidhe; agus ag amharc do chífidhe, agus ní budh léir dhaóibh: 15Oír a tá croidhe an phubuilsi ar na reamhrughadh, agus do chúaladar go bodhar lé na gclúasaibh, agus do chaochadar a súile; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go gcluinfidis lé na gclúasaibh, agus go dtuigfidís le na gcroidhe, agus go bhillfidis, agus go leighéosainnse íad. 16Achd as beannaighthe bhur súilesi, do bhrígh go bhfaicid said: agus bhur gclúasa, do bhrígh go gcluinid síad. 17Oír a deirimsi ribh go fírinneach, Gur ab iomdha faidhe agus firéanuigh lé ar mhían na neithesi do chithisi dfaicsin, agus ní fhacada; agus na neither do chluinti do chloisdin agus ní chúaladar.

18Air a nadhbharsin éisdigh ré cosamhlachd an tsíoladóra. 19Coimhmionca agus éisdeas duine bríathar na ríoghachda, agus nach dtuigeann sé é, tig an droichspiorad, agus fúaduighe se an ní do cuireadh ann a chroidhe. Ag so an duine úd ann ar cuireadh an siol chois na slígheadh. 20Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann chlochach, a sé sud an té do chluin an bhríathar, agus ghabhas chuige é do láthair maille re gáirdeachas; 21Achd ní bhfuil fréamh aige ann féin, achd fanuidh sé ar feadh tamaill: agus an tan thig trioblóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball do gheibh sé oilbhéim. 22Agus an neach úd ann ar cuireadh an síol a measg an mhuinigh ag so an té do chluin an bhríathar; agus múchaidh róchuram an tsaoghailsi, agus mealltóireachd an tsaidhbhris an bhríathar, agus bí sé gan toradh. 23Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann maith a sé so an té do chluin, agus thuigeas an bhríathar; agus iomchras toradh, agus do bheir, cuid céud uiread, cuid trí fichid, agus cuid eile a deich fichead.

24Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhail ríoghachd neimhe ré duine do chur síol maith ann a fhearann: 25Agus an tan do bhádar dáoine na gcodladh, tháinic a námhaid agus do chuir sé cogal third an gcruithneachd, agus do imthigh sé roimhe. 26Agus an tan do fhás an geamhar agus tug sé a thoradh, ann sin do fhoillsigh an cogal é féin. 27Achd ar dteachd do shearbhfhóghantaóibh fhir an tighe, a dubhradar ris, A thighearna, a né nach síol maith do chuir tú ann tfearann? Air a nadhbharsin cáit as a bhfaghann sé an cogal? 28Agus a dubhairt seision ríu, Easgcara éigin do rinne so. Agus a dubhradar na searbhfhoghantuidhe ris, A nail leachd air a nadhbharsin go ndeachmáoisne agus gi gcruinneochamaois a bhfochair a chéile íad? 29Agus a dubhairt seisean ríu, Ní háill; air eagla ag cruinneaghadh an chogail daóibh, go mbeanfeachd sibh an chruithneachd as a fréumhaibh a naóinfheachd ris. 30Fuilngidh dhóibh aráon fás no go dtí an foghmhar: agus a naimsir a nfóghmhair déara misi rém luchd búana, Cruinnighidh ar tús an cogal, agus ceangluidh é ua phunnannaibh do chum a loisgthe, agus cruinnighidh an chruithneachd dom sgioból.

31Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhuil ríoghachd neimhe ré gráinne síol musdaird, do ghabh neach chuige, agus do chuir sé ann a fhearann: 32A sé go deimhin as lúgha do na huile shíoltuibh: gidheadh an tan fhásas sé, a sé is mó do na luibheannaibh, agus do nithear crann de, ionnas go ttigid éanlaith a naiéir agus go ndéanaid a nid ann a ghéagaibh.

33Do labhair sé cosamlachd eile ríu; as cosmhail rioghachd ueimhe ré laibhín do ghlac bean, agus do fholaigh a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.

34Do labhair Iósa na neithesi uile ris an bpubal a gcosamhlachdaibh; agus níor labhair sé ríu achd a gcosamhlachdaibh: 35Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh leis an bhfáidh, a deir, Oisgéoluidh mé mo bhéul tré chosamhlachdaibh; nochdfuidh me neither a tá foluighthe ó thosach an domhain.

36Air léigean an tsuáigh úadh an tansin, tháinic Iósa a sdeach a dtigh: agus tangadar a dheisciobail chuige, ag rádh, Mínigh dhúinne cosamhlachd chogail an fhearainn. 37Agus air bhreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té chuireas an síol maith a sé Mac an duine é; 38Agus a sé an fearann an domhan; agus a sé an síol maith, clan na rioghachda; agus a sé an cogal clan an droichspioraid; 39Agus an námhaid do chuir é a sé an díabhal é; agus a sé an fóghmhar deireadh an tsáoghail; agus a said na búanuidhe na haingil. 40Agus amhail mar chruinnighthear an cogal, agus loisgthear é lé teinidhe; is mar sin bhías a ndeireadh an tsoaghailsi. 41Cuirfidh Mac an duine a aingil féin, agus cruinneochuid said as a rioghachd gach uile scannail, agus an dream do ní éagcóir; 42Agus teilfid íad a núamhain air dearglasadh: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal. 43Soillséochaid na fíreanaigh an tansin mar an ngréin a riochachd a Nathar féin. Giodh bé agá bhfuilid clúasa chum eisdeachda, éisdeagh sé.

44Mar an gcéudna, is cosmhail rioghachd neimhe lé cisde ar na fholach a bhfearann; noch tar éis a fhaghála, do fholuigh duine, agus tríd an ngáirdeachus do bhí air ar a shon imthighidh sé agus reacaidh sé a bhfuil aige uile, agus ceannuidhe sé an fearannsin.

45A rís, is cosmhail ríoghachd neimhe le ceannuighe áirighthe, iárras clocha úaisle: 46Agus ar bhfagháil áonneamh mhórlúaighe dhó, do imthigh sé agus do reac so a raibh aige uile, agus do cheannaigh se í.

47A ris, is cosmhail ríoghachd neimhe ré lion, ar na theilgean ann sa bhfairge, agus chruínnigheas da gach uile short éisg: 48Noch, an tan do líonadh, do thairrngeadár na híasgairighe chum na trágha, agus ar suidhe dhóibh, do chruinnigheadar nu héisg mhaithe a soithighibh, achd do theilgeadar na droichéisg amach. 49Is mar sin bhías a ndeireadh an tsáoghail: rachaid na haingil a mach, agus dealóchuid na drochdháoine as lár na bhfíréanach, 50Agus teilgfid íad a núamháin théilneadh: mar a mbiá gul agus gíosgán fiácal. 51A deir Iósa ríu, Nar thuigeabháir na neíthese uile? A deiridsion ris, Do thuigeamar, a Thighearna. 52Agus a dubhairt seisean ríu, Ar a nadhbharsin gach uile sgrioba atá foghlomtha chum ná ríochachda nemhdha is cosmháil é ré fear tighe, do bheir as a chisde neither núadha agus sean.

53Agus an tan do chríochnáigh Iósa na cosamhlachdasa, tárla dhó, gur fhág sé a náitsin.

54Agus an tan tháinic sé dá dhuthuidh féin, do theagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ghabh iongnadh mór íad, agus go ndubhradar, Cáit a bfhúair anfearso a neagnaso, agus subháilce? 55A né nach é so mac an tsáoir? a ne nach dá mhathair ghoirthear Múire? a né nach íad a dhearbhraithreacha, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas? 56Agus a né nach bhfuilid a dheirbhsheathracha uile éadruinne? Air a nadhbharsin cáit ann a bhfúair sé íad so uile? 57Agus fúarardar óilbhéim annsan. Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil faidh fá neimhchion, achd ann a dhuthaidh féin, agus ann thigh féin. 58Agus ní dhearnuidh sé mórán miorbhuileadh ann sin air son a míchreidimh.

Bedell An Biobla Naomhtha 1817

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

More Info | Version Index