Search form

Mhata 15

Caibidil XV

Gur bé peacadh do shalachas duine, 21 agus gu bfuáir greim dhaingion chreidimh na mná ó Chanaan, a hiarratus di.

1Ann sin tigid sgríobuighe agus Phairisínigh ó Ierusalem, go Hiósa, ag radh, 2Créd fá a sáruighid do dheisciobailsi gnáthughadh na sinnsear? Oír ní ionnluid said a lámha a núair ithid arán. 3Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Créd fá sáruigheann sibhsi leis aithne Dé lé bhur ngnáthughadh féin? 4Oír tug Día áithne, ag radh, Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Giodh bé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é. 5Achd a dheartháoisi, Giodh bé neach a déara re na athair nó ré na mathair, Gach tabhartus dá dtuguimsi uaim, rachaidh sé a dtarbha dhuitsi; 6Agus ni onórfuidh sé a athair nó a mhaithair. Agus mar sin do chuireabhair a neimhbhrigh aithne Dé tré bhur ngnáthughadh féin. 7A luchd an fhúarchrábhaidh, is maith do rinne Esaías fáigheadóireachd bhur dtimcheall, ag rádh, 8Druididh an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruighid me lé na bpusuibh; achd cheana is fada úaim atá a gcroidhe. 9Achd is a ndíomháineas onóruighid said misi, ag teagasg aitheanta na ndáoine mar theagasg. 10Agus ar ngairm an tslóigh, a dubhairt sé ríu, Eisdigh, agus tuigidh: 11Ní hé an ní théid a sdeach ann sa mbéul shaluigheas an duine; achd an ní thig as an mbeul, a sé so shaluigheas an duine. 12Ann sin thangadar a dheisciobuil, agus a dubhadar ris, A né nach dtuigeann tú go bhfúaradar na Pharisínigh do chúala an glórsa, oilbhéim ann? 13Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Gach uile phlanda, nach ar chuir Mathair neamhdhasa, beanfuighthear as a fhréamhach é. 14Léigidh dhóibh féin: is éoluighthe dalla a gcionn dall íad. Agus ma thréoruigheann dall dall éile, tuitfid a raon sa díg. 15Agus ar bhfreagra do Pheadar a dubhairt sé ris, Mínigh dhúinne an chosamhlachdsin. 16Agus a dubhairt Iósa, An bhfuiltísi leis fós ainbhfeasach? 17A ne nach dtuigthísi fósm giodh bé ní theid a sdeach ann sa mbéul, go dtéid se sa mbolg, agus go dteilgthear as sin don chamra é? 18Achd na neither theid a mach as an mbéal is as an gcroidhe thigid siad; agus is siad sin shaluigheas an duine. 19Oír as an gcroidhe thigid na drochsmuaintighthe, dúnmarbhadh, adhaltrannas, stríopachas, gaduidheachd fíaghnuisighe bréige, blaisphemighe: 20Is íadso na neither shalchas an duine: achd bíadh dithe lé lámhuibh gan ionnladh ní shaluigheann sé an duine.

21Agus ar ndul Diósa as sin, do chúaidh sé go leithimlibh Thírus agus Shídon. 22Agus, féuch, tháinic bean do Chánaan ó na crióchaibh sin, agus do éigh si, ag rádh ris, Déana trócaire oram, a Thighearna, a mhic Daibhí; a tá mhinghean ar na búaidhreadh go mór ó dheamhan. 23Achd ní thug seisean freagra ar bith uirthe. Agus tangadar a dheisciobail chuige agus do iárradar air, ag rádh, Cuir úainn í; oír a tá sí ag eíghmhe ar ndíaigh. 24Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Niór cureadh misi achd do chum cáorach thighe Israel do chúaidh ar seachrán. 25Gidheadh tháinic sisi agus do rinne sí sléachdain dó, ag rádh, A Thighearna, foir orum. 26Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Ní coir arán na cloinne do ghlacadh, agus do theilgean chum na ngádhar. 27Achd a dubhairt sisi, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh fós ithid no coilén cuid don shrúighleach thuiteas ó bhórd a dtíghearnadh féin. 28Ar bhfreagra Diósa an tansin, a dubhairt sé ría, O a bhean, is mór do chreideamh: teagmhadh dhuit mar is toil leachd. Agus do bhí a hinghean slán ó a núairsin a mach.

29Agus ar nimtheachd Diósa as sin tháinic sé láimh ré fairrge na Gaililee; agus an tan do chúaidh sé súas ar shliabh, do shuidh sé ann. 30Agus do chúadar slúaighte móra chuige, agá rábhadar bacuigh, doill, balbháin, dáoine ciorthuimeacha, agus móran eile, agus do thellgeadar fá chosaibh Iósa íad; agus do shlánaigh sé íad: 31Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan do chonncadar na balbháin ag labhairt, agus na dáoine ciorthuimeacha slán, na bacaigh ag siobhal, agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloír do Dhía Israel.

32Agus ar ngairm a dheisciobal chuige Diósa, a dubhairt , A tá trúaighe agam don tslúagh, oir do fhanadar a nois ré trí lá am fhocair, agus ni bhfuil ní acá do iósaidis: agus ni hail leam a leígean úaim na dtrosgadh, deagla go racháidis a nanbhfainne ar a tslighe. 33Agus a deirid a dheisciobail ris, Cía a naít as a bhfuigheamáois ar an bhfasach a noireadsin darán, lé a saíseóchamáois a chomhmór do shlúagh? 34Agus a deir Iósa ríusan, Gá mhéad arán a tá agaibh? Agus a dubhradarsan, A seachd, agus beagan diásgaibh beaga. 35Agus do aithin seisean do tslúagh suidhe siós ar an dtalamh. 36Agus ar nglacadh na seachd narán agus na níasgsin dó, ag tabhairt buidheachais, do bhris sé íad, agus thug sé dhá dheisciobluibh, agus tugadar na deisciobail don tslúagh íad. 37Agus do itheadar uile , agus do sasuigheadh iád: agus do thógbhadar lán seachd gclíabh dfuigheall do bhiádh bhrisde. 38Agus do bhádar an luchd a dúaidh é ceithre mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh. 39Agus ar léigean an tslúaigh úadh, do chúaidh sé a luing, agus taínic go leithimlibh Mhagdala.

Bedell An Biobla Naomhtha 1817

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

More Info | Version Index