Search form

Mhata 20

Caibidil XX

An eagluís ar na samhlughadh re fineamhuin, 20 agus iarratus uáibhreach mhathar chloinne Shebedei, ar na chur ar ccúl.

1Oir is cosmhuil an ríoghachd neamhdha ré fear tighe áirighthe, do chúaidh a mach lé héirghe an láoi do chur luchd oibre ar túarasdal ann fhineamhuin. 2Agus tar éis réidhighe ris an luchd oibre ar phighinn sa ló, do chuir sé ann a fhíneamhain íad. 3Agus ar ndul a mach dhó timcheall an treas úair, do chonnarc sé droag eile díomháoineach na seasamh ar an margadh, 4Agus a dubhairt sé ríu: Imdhighsi leis don fhíneamhuin, agus gidh bé ní bhús ceart do bhéara mé dhíbh é. Agus do imdhigheadarsan. 5A rís ar nimtheachd a mach dhó timcheall an seiseadh agus an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna. 6Agus ar ndul a mach dhó a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh díomháoineach, agus a deir sé ríu, Créad fá bhfuiltísi bhur seasamh an so feadh an láoi díomháoineach? 7A deirid siádsan ris, Ar son nar chongaimh duine ar bith ar túarasdal sinn. A deir seisean ríu, Imthighsi mar an gcéadna don fhíneamhain; agus gidh bé ní bhus coir do gheúbhtháoi é. 8Agus ar dteachd don tráth nóna, a deir tighearna na fíneamhna ré na sdíobhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fa dheireadh, go soithe na céaddáoine. 9Agus ar dteachd don druing úd tháinic a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair gach duine dhióbh phighinn. 10Agus ar dteachd don chéid dreim do sháoileadar go bhfuighedis féin ní budh mhó; ahd cheana fúair gach áon díobh, mar an gcéadna, pighinn. 11Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir mhaith an tighe, 12Ag rádh, An dreamso tháinic fa dheireadh ni dhearnadar obair achd áonúair a mháin, agus do chuirisi íad a gcoimhmheas rinne, diomchuir muiridhin agus teasbhach an láoi. 13Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé ré fear dhíobh, A chompánuigh, ní bhfuilim ag déanamh éagcóra ortsa: a né nár réidhigh tú ríom ar phighinn? 14Tógaibh leachd do chuid féin, agus imthigh: a si mo thoilsi a thabhairt don tési tháinic fa dheireadh, mar thug mé dhuitsi. 15A né nach ceaduigheach dhamhsa an ní is toil leam féin do dhéanamh rém chuid féin? An bhfuil do shúilsi go holc, air son go bhfuilimsi maith? 16Is mar sin béid na dáoine deighionach air tosach, agus na céad dáoine air deireadh: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtogha.

17Agus ag dul súas Diosa go Hiárusalém rug sé an dá dheisciobal déag leis fa leith ann sa tsligh, agus a dubhairt sé ríu. 18Féuch, a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaránaibh na sagart agus do na scríobuighibh, agus béaruid síad breath bháis air. 19Agus do bhéaruid síad do na cineadhachduibh e do chum go ndéindís fonámhad fáoi, agus go sgiursfaidís, agus go grochfaidis é: achd an treas lá éiréochaidh sé a rís.

20Thainic máthair chlionne Shebedei chuige an tráthsin, maille ré na maca, dá onórughadh, agus ag iárruidh neither áirighe air. 21Agus a dubhairt seisean ría, Créd í do thoil? A deir sis iris, Abair go suidhfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láimh dheis, agus aon eile ar do láimh chlé, ad rioghachd. 22Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt, Ni bhfuil a fhios agaibh créd iárrtháoi. A neidir libh an cupán íobhas misi dól, agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh le a mbaisdear misi? A dubhradarsan ris, Is éidir. 23Agus a deir seisean riu, Iobhtháoi go deimhin dom chupánsa, agus baisdfidhthear sibh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi: achd suighe ar mo láimh dheis, agus chlé, ní leamsa a thabhairt, achd bheirar don dreim dá bhfuil sé ar na ullmhughadh ó Mathair. 24Agus an tráth do chúaladar an deichneabhar eile so, do bhí neimhchion aca ar an días dearbhráthar. 25Agus ar na ngairm chuige Diósa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearnuibh ar na Cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha. 26Gidheadh ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodh bé neach lé madh mían bheith mór eadruibh, bíodh sé na sheirbhiseach agaibh; 27Agus giodh bé neach lé nab áill bheith na úachdarán éadruibh, bíodh sé na shearbhfoghantuidhe agaibh: 28Amháil as nach dtáinic Mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin. 29Ar ndul a mach dhóibh an tráthsin as Iericó, dó lean slúagh mór éisean.

30Agus, féuch, días do dháoinibh dalla do bhí na suidhe chois na slighe, an tráth do chúaladar go ráibh Iósa ag gabhail thársa, do éighmheadar, ag radh, Déana trócaire oruinu, a Thighearna, a Mhic Dhábhí. 31Achd do spreagadar an slúagh íad, do chum go gcoisgfidís: acd cheana is móide do eíghmheadarsan sin, ag rádh, Déana trócaire oruinn, a Thighearna, a Mhic Dhábhí. 32Agus ar seasamh Diósa, do ghóir sé íad, agus a dubhairt se, Cred is áill libh dhamhsa do dhéanamh dháoibh? 33A deiridsean ris, A Thighearna, ar súile dosgladh. 34Agus do ghabh trúaighe Iósa dhóibh, agus do bhean sé ré na súilibh: agus taínic radharc da súilibh ar an mball, agus do leanadar eisean.

Bedell An Biobla Naomhtha 1817

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

More Info | Version Index